Faoin chéim dheireanach seo den turas éachtach cadhcála thart ar chósta thuaidh na hÉireann, bheifeá ag déanamh go raibh taithí na mblianta ag Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh. Déanann siad gaisce dá gcumas surfála, mar dhea, ag Trá Dhún Bó sula n-imíonn siad leo taobh le cósta Dhoire isteach go Port na Binne Uaine agus isteach chuig uiscí cósta chontae Aontroma.
I ndiaidh teacht i dtír ar bhealach an-speisialta faoi bhun Chaisleán Dhún Libhse, tá na céadta turasóir ag breathnú orthu ag na háiteanna móra turasóireachta a bhfuil clú orthu ar fud an domhain ag Clochán an Aifir agus ag droichead rópa Charraig an Rathaid. I rith an aistir dheiridh mhaslaigh trasna chuig an tearmann taibhseach fiadhúlra ar Reachlainn, machnaíonn ár gcéaslóirí gaisciúla ar éacht iontach ag deireadh turais eipiciúil saoil.
By this ultimate leg of their kayak journey around the north coast of Ireland, Tessa Fleming and Irial Ó Ceallaigh are now like seasoned pros. They show off their surfing abilities, or lack thereof, at Downhill Beach, before setting off along the Derry coast towards Portstewart and into County Antrim’s coastal waters.
After Tessa and Irial make a spectacular landing under the recesses of Dunluce Castle, hundreds of tourists look on as the adventure continues to the world-renowned attractions at the Giant’s Causeway and Carrick-a-Rede rope bridge. During the final exhausting slog across to the spectacular wildlife haven of Rathlin Island, the heroic voyagers reflect on the astonishing achievement of completing an epic journey of a lifetime. Show less