Tugann beirt tosaitheoirí cadhcála, Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh, faoi thuras éachtach thart le cósta thuaidh na hÉireann. In éineacht leis an saineolaí cadhcála John Hubbocks, tugann siad faoi dhúshlán na gaoithe agus na dtonnta dothuartha san Atlantach, ag cur crua orthu féin leis an aistear a chur i gcrích.
Téann na láithreoirí faoi dhiansheisiúin traenála ar chladaí Chontae an Dúin sula gcuireann siad tús lena n-eachtra eipiciúil ag cé suaimhneach an Bhun Bhig in iarthuaisceart Dhún na nGall. Imíonn ár gcadhcóirí leo amach go h-oileán álainn Ghabhla, áit ina bhfoghlaimíonn Tessa faoi thréigean brónach an oileáin agus faoi na comharthaí dóchais don am atá le teacht do lucht an oileáin atá i ndiaidh filleadh. Ag Cnoc Fola, faigheann Irial amach faoi chuid de nósanna agus faoi sheanchas na háite agus faigheann sé comhairle mhaith faoin aistear dúshlánach farraige atá rompu.
Two novice kayakers, Tessa Fleming and Irial Ó Ceallaigh, undertake an epic journey along the northern coast of Ireland. Together with kayak expert John Hubbocks, they brave the unpredictable Atlantic wind and waves, pushing themselves way beyond their comfort zones to complete their challenge.
The presenters undergo difficult training sessions on the shores of County Down before beginning their epic adventure in the tranquil quay of Bunbeg in north west Donegal. They head out to the beautiful Gabhla island, where Tessa learns about its sombre abandonment and the encouraging signs of a brighter future for returnees. At the Bloody Foreland, Irial finds out about some local customs and receives some welcome advice about the daunting voyage that they are about to embark on. Show less