Programme Index

Discover 11,128,835 listings and 280,413 playable programmes from the BBC

Scríbhneoirí an tSléibhe le Conor Torbóid

Series 1

Fionnuala Ní Mhealláin

Duration: 30 minutes

First broadcast: on BBC Radio UlsterLatest broadcast: on BBC Radio Foyle

Available for years

Faigheann Conor léargas faoi leith ar thráma trasghlúineach a phobail féin atá ag maireachtáil i dtréimhse iar-choinbhleachta an lae inniu trí scríbhneoireacht chruthaitheach Scríbhneoirí an tSléibhe, meitheal scríbhneoirí atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a bunaíodh mar thacaíocht do mhuintir na háite.

San eagrán seo, labhraíonn Conor le Fionnuala Ní Mhealláin. Is múinteoir bunscoile í Fionnuala atá ag obair in earnáil na Gaelscolaíochta le breis agus fiche bliain anuas. Tá spéis ar leith aici sna healaíona, go háirithe sa drámaíocht agus sa cheol. Tógadh le Gaeilge í i mBéal Feirste agus bhí cuid dá teaghlach lárnach i mbunadh na chéad Gaeltachta uirbí ar Bhóthar Seoighe in Iarthar Bhéal Feirste. Is scríbhneoir páirt-aimseartha í Fionnuala.

Is léiriú de chuid Corcra Media é seo do BBC Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.

Conor explores intergenerational trauma and how it manifests in a post-conflict society through the experiences and creative writings of Scríbhneoirí an tSléibhe, a Belfast based creative writing group set up to tackle mental health problems faced by members of the community. Conor aims to expand on his own understanding of the society he grew up in to help him work towards his ambition of becoming a writer.

This episode features Fionnuala Ní Mhealláin, writer and a primary school teacher working in the Irish medium sector with a particular interest in drama and music. She was raised through Irish in Belfast and some of her family were involved in the establishment of the Shaw’s Road, west Belfast urban Gaeltacht. Produced by Corcra Media for BBC Gaeilge and RTÉ Raidió na Gaeltachta, with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

About this data

This data is drawn from the data stream that informs BBC's iPlayer and Sounds. The information shows what was scheduled to be broadcast, meaning it was/is subject to change and may not be accurate. More