Caitheann Aodhán Ó Baoill agus Niamh Ní Dhubhgáin seal i gCeathrúna an Línéadaigh agus na Margaí i gcathair Bhéal Feirste. Míníonn Mary Delargy dóibh cé chomh tábhachtach agus a bhí tionscadal an línéadaigh i bhfás Bhéal Feirste ó bhaile beag go cathair shuntasach. Buaileann siad leis an cheoltóir Niall Páirc le fáil amach faoi Halla Uladh agus insíonn Lochlann de Brún scéal an Crown Bar dóibh. Bogann siad ar aghaidh go Ceathrú na Margaí, áit a léiríonn Rosie McNally na hearraí difriúla atá ar fáil i margaí na Cathrach.