Fáilte romhat chuig an chóisir! Filleann an Cóisir Filíochta don dara sraith, le spotsolas a chaitheamh ar fhilíocht Ghaeilge ár linne, le béim ar ghuthanna úra ach go háirithe agus an fhilíocht ó bhéal le cluinstin go flúirseach i rith na sraithe. Sa chéad eagrán seo, tá téamaí na coimhlinte, na leochaileachta agus an chaidrimh idir tuismitheoir agus leanbh fite fuaite sa chlár, i ndánta ó Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Biddy Jenkinson agus Maria Ní Mhurchú, agus na dánta sin á bplé ag Seán ‘John Boy’ Ó Muireagáin lena haíonna, Sinéad Ní Uallacháin agus Louis de Paor.
Cóisir Filíochta returns for a second series, platforming Irish-language poetry of the 21st century, with a particular emphasis on new voices. Each poem is read aloud by the poet themselves. In this first episode, themes of conflict, vulnerability, and the bonds between parent and child feature in the work of Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Biddy Jenkinson and Maria Ní Mhurchú, as discussed by host Seán ‘John Boy’ Ó Muireagáin and his guests Sinéad Ní Uallacháin and Louis de Paor.
Show less