Cuireann John Tracey, an giotáraí méarstíle, aoicheoltóirí áitiúla aitheanta faoin spotsolas, ag fáil amach níos mó faoin stíl cheoil atá acu agus faoi na rudaí a thugann spreagadh daofa agus iad i mbun ceoil. Sa chlár seo, buaileann Neil Martin, an ceoltóir agus cumadóir ceoil iomráiteach, isteach sa stiúideo i gcomhair seisiún jeamála le John. Is as Béal Feirste do Neil agus tá ardmheas air mar gheall ar an ghairm fhada a shaothraigh sé mar cheoltóir agus mar chumadóir, agus d’oibrigh sé leis na ceolfhoirne is mó in Éirinn agus thar lear. Tá an tsraith seo léirithe ag Tessa Fleming. Is léiriú de chuid BBC Gaeilge é seo.
(athchraoladh)
Renowned Belfast musician and composer, Neil Martin, joins us in studio for a jamming session with presenter and musician John Tracey.
This series is produced by Tessa Fleming and is a BBC Gaeilge production. (repeat episode)