Bí ag taisteal i gcuideachta na bpaisinéirí ar bhus Conallach agus iad ag dul ar oilithreachtaí, ar chúrsaí samhraidh Gaeltachta agus ar thurais siar ar bhóithrín na smaointe.
Sa tsraith seo, beidh muid ag giorrú an bhóthair le díthreabhach agus é ar a chuairt sheachtainiúil ar scrín na Maighdine i gCnoc Mhuire lena fháil amach cad chuige a bhfuil sé chomh luachmhar sin aige. Leanfaidh muid banna máirseála ó Thír Chonaill agus iad ag taisteal le páirt a ghlacadh i Mórshiúl na Féile Pádraig in Birmingham. Beidh iarmhianadóir ag tabhairt cuairt ar cheann de na tolláin chontúirteacha Albanacha a mbíodh sé ag obair iontu agus é óg, agus beidh ceathrar déagóirí as Tír Eoghain ag tabhairt aghaidh ar Loch an Iúir, mar a mbeidh siad ag foghlaim na Gaeilge agus neart rudaí eile go ceann trí seachtaine.
Join passengers on a Donegal bus as they go on pilgrimages, Gaeltacht summer courses and trips down memory lane. This series accompanies a hermit on his weekly visit to the Marian shrine in Knock to find out why it means so much to him. We follow a Donegal marching band as they travel to take part in Birmingham's St Patrick's Day parade. A former miner visits one of the dangerous Scottish tunnels where he worked as a youth while four Tyrone teenagers head to Loch an Iúir for three weeks of learning Irish and more. Show less